iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Bille Ceart ó thuaidh, Acht Ghaeilge tríd an chúl doras

Thall ar bhlag Mark Devenport, eagarthóir pholatúil BBC Thuaisceart Éireann, foilsítear dréacht de Bhille Cheart TÉ ina bhfuil go leor ábhar speisiúil faoi chúrsaí teanga.   Tá moltaí déanta ag na baill eagsúla den Fhóram atá ag obair ar seo agus tá moltaí dá chuid féin ag Cathaoirleach an Fhóraim, Chris Sidoti ón Aifric Theas.  (San Aifric Theas, tá  dhá theanga deag le stadas oifigiúil).     

 

 Tá idirdhealú déanta sa dréacht bhille seo idir teangacha dúchasacha agus teangacha eile agus chomh maith le sin ní luaitear na teangacha atá i gceist.  Is rud maith é sin nó is féidir sin a úsáid chun deireadh a chur leis an cheangal mímhacanta idir An Ghaeilge, teanga, agus Albainis Uladh, canúint.  

 

Ag cur san áireamh an amhras atá ar aondachtaithe faoi Chearta Daonna i gcoitinne - is cosúil go bhfuil siad in éadan gach ceart ach an ceart dul ar mhórshiúl - ní fios an bhfeicfidh an Bille Ceart seo aon stadas reachtúil. Dá dtarlódh sé b’ionann é cheapfá agus Acht Ghaeilge tríd an chúldoras agus b’fheidir nach droch rud é sin, chomh fada agus go mbaintear úsáid fónta as chun cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge ar an dtalamh.

 

GENERAL RIGHT TO CULTURE, LANGUAGE AND IDENTITY (P2, CIL) Persons belonging to a cultural, ethnic, linguistic or religious minority or community shall have the right, individually and with other members of that minority or community, to enjoy their own culture, to profess and practise their own religion and to use their own language. No one exercising these rights may do so in a manner inconsistent with any provision of the Bill of Rights.RIGHT TO SELF-IDENTIFICATION (P3, CIL) 1. Every person belonging to a cultural, ethnic, linguistic or religious minority or community shall have the right freely to choose to be treated or not to be treated as such and no disadvantage shall result from this choice or from the exercise of the rights which are connected to that choice.2. Persons belonging to cultural, ethnic, religious or linguistic minorities or communities may exercise the rights and enjoy the freedoms flowing from the principles enshrined in the Bill of Rights individually as well as in community with others.LANGUAGE RIGHTS (P6, CIL) A. Language rights shall be protected through the progressive implementation by public authorities of the commitments made under the Framework Convention for the Protection of National Minorities and the European Charter for Regional or Minority Languages.B. In respect of the indigenous minority languages and according to the situation of each language, public authorities must base their policies, legislation and practice on the following objectives and principles:a. the recognition of these languages as an expression of cultural wealth; b. the respect of the geographical area of each language in order to ensure that existing or new administrative divisions do not constitute an obstacle to the promotion of the language in question;c. the need for resolute action to promote these languages in order to safeguard them;d. the facilitation and/or encouragement of the use of these languages in public and private life;e. the maintenance and development of links between groups using these languages and other groups in the State employing a language used in identical or similar form, as well as the establishment of cultural relations with other groups in the State using different languages;f. the provision of appropriate forms and means for the teaching and study of these languages at all appropriate stages;g. the provision of facilities enabling non-speakers of these languages living in the area where it is used to learn it if they so desire;h. the promotion of study and research on these languages at universities or equivalent institutions;i. the promotion of appropriate types of transnational exchanges for those languages used also in another State.Additional clause proposed via email:‘Sinn Féin proposed via email that an additional clause be added ensuring that the rights to cultural, language and identity in Proposal 2 can also not be exercised in a manner inconsistent with ‘any right otherwise protected under international law’.MINORITY LANGUAGE EDUCATION RIGHTS (P5, CIL) A. Every person belonging to a linguistic minority or community has the right to learn his or her minority or community language.B. Every person belonging to a linguistic minority or community that is indigenous has the right to be educated in and, where appropriate, through their language.C. Every person belonging to a linguistic minority or community that is not indigenous has the right to be educated in their language where there are substantial numbers of users and sufficient demand.3. The paragraphs in this article shall be implemented without prejudice to the learning of English or the teaching in English.CHAIR’S PROPOSALRIGHT TO CULTURE, LANGUAGE AND IDENTITY1. Everyone belonging to a cultural, ethnic, linguistic or religious minority or community shall have the right, individually and with other members of that minority or community, to enjoy her or his own culture, to profess and practise her or his own religion and to use her or his own language. No one exercising these rights may do so in a manner inconsistent with any provision of the Bill of Rights or inconsistently with the rights and freedoms of others.2. Everyone belonging to cultural, ethnic, religious or linguistic minorities or communities may exercise the rights and enjoy the freedoms recognised in the Bill of Rights individually as well as in community with others.3. Everyone belonging to a cultural, ethnic, linguistic or religious minority or community shall have the right freely to choose to be treated or not to be treated as such and no disadvantage shall result from this choice or from the exercise of the rights connected to that choice.4. Everyone belonging to a linguistic minority or community has the right to learn his or her minority or community language.a. Everyone belonging to a linguistic minority or community that is indigenous has the right to be educated in and, where appropriate, through their language.b. Everyone belonging to a linguistic minority or community that is not indigenous has the right to be educated in their language where there are substantial numbers of users and sufficient demand.c. These rights are without prejudice to the learning of English or the teaching in English.5. Public authorities shall develop laws, policies, and practice relating to indigenous minority languages according to the situation of each language and on the basis ofa. recognition of these languages as an expression of cultural wealth;b. the respect of the geographical area of each language in order to ensure that existing or new administrative divisions do not constitute an obstacle to the promotion of the language in question;c. the need for resolute action to promote these languages in order to safeguard them;d. the facilitation and encouragement of the use of these languages in public and private life;e. the maintenance and development of links between groups using these languages and other groups employing a language used in identical or similar form, as well as the establishment of cultural relations with other groups using different languages;f. the provision of appropriate forms and means for the teaching and study of these languages at all appropriate stages;g. the provision of facilities enabling non-speakers of one of these languages living in the area where it is used to learn it if they so desire;h. the promotion of study and research on these languages at universities or equivalent institutions;i. the promotion of appropriate types of exchanges for those languages used also in other jurisdictions.6. Nothing in this article shall prevent the collection and analysis of appropriate information, including statistical and research data, to enable the monitoring of the enjoyment of human rights under this Bill of Rights by persons who are members of or are identified with or have backgrounds associated with a traditional cultural, ethnic, linguistic or religious minority or community so that laws, policies and programmes can be formulated and implemented to give better effect to this Bill of Rights. 

30 03, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Siopa dúnta na meáin Ghaeilge

Is léir anois gur siopa dúnta atá i gceist leis na meáin Ghaeilge.  Mas aon léargas é liosta bhuaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, nil ach trí pháirtí ag an tábla ar bharr in éinndí leis an sagart paróiste agus eile.  Iad sin TG4, RTÉ Raidio na Gaeltachta agus Foinse, ‘príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ agus corr dhuine fánach eile a eiríonn leo briseadh isteach sa chiorcal sin le creidiúint a thabhairt don chuid eile acu. 

Tá an liosta foilsithe anseo ag Foinse - an scúp is mó acu i mbliana b’fheidir (nó an preas eisiúint é foilsithe roimh am an ‘embargo’? - agus léiríonn sé gur beag an athrú ar liosta na mbuaiteoirí ón mbliain seo chaite.  Seán Tadhg Ó Gairbhí eagarthóir Foinse isea iriseoir na bliana de reir na tuairisce seo.  

Comhghairdeas le Seán Tadhg agus na buaiteoirí eile, go h-áirithe Mícheál Ó Sé, guth údarásach CLG Raidio na Gaeltachta, agus Nollaig Ó Gadhra, iriseoir is craoltóir nach gá a chur in aithne anseo.  

 Ni bhaineann an ghearán seo le na buaiteoirí le bheith fírinneach.  Baineann sé leis an gcóras a roghnaigh iad.  Ní córas é seachas cumann, ceapaim, Comhaltas Comhghairdis Chonamara 4.  Is é an t-aon chomórtas i réimse chomórtais an Oireachtais nach bhfuil moltóireacht i gceist - tá vóta ag breis is 30 duine, nach bhfuil aithne orthu ach a thuigtear bheith ag obair sna meáin Ghaeilge.   Bhí, go dtí le déanaí, vóta agam de bharr mo phost mar eagarthóir ar Lá Nua agus tá aithne agam ar dhuine amháin eile, ó Lá Nua, le vóta.  Ní scaoilfidh mé an t-ainm libh. 

 

An deacracht is mó atá agam leis an gcóras go bhfuil na vótaí go leir, seachas dornán, lonnaithe ó dheas, i mBaile Átha Cliath agus sa Ghaillimh.  Agus fanann na duaiseanna ansin fosta.  Vótáil ar son na gcomharsan atá ann nó b’fheidir nár mhaith le na saoistí seo aitheantas a thabhairt don dream a d’eirigh leo meán Ghaeilge a bhunú in ainneon na deacrachtaí. 

 RTÉ Raidio na Gaeltachta, Foinse, TG4 - tá siad ann de bharr iarrachtaí dhaoine eile, cosmhuintir na Gaeilge is na Gaeltachta.  Fuair siad an suíomh faoi phribhléid atá acu de bharr agóidithe is eile a chuaigh amach ar na sraideanna ar a son.  Leitheidí Lá/Lá Nua, Blas, Raidio na Life, Raidio Fáilte, ní mar sin a tháinig siad ar an saol.  Tháinig siad de bharr daoine bheith ídéalach agus dúthrachtach a dhóthain chun tabhairt faoi an meán a bhunú agus ansan é a chothú, in ainneoin go leor dúshláin, msh cinsireacht in áit an tacaíocht fial stait a fhaigheann leitheidí TG4, Foinse is RTÉ RnaG i gcomparáid. 

 

Ach tá an saol socúil ina mhaireann na h-institiúidí seo ag athrú, le teacht an bhlagadóireacht is forbairt na h-idirlíne.   Tá a dtreimhse ar an dtaobh sin cúng. 

28 03, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 4 Comments

Tafann na madraí a d’fhan ciúin go dtí seo

Faoi dheireadh thiar, tá siad le clos, na madraí nár thafann. 

Inniu thug ceannairí an Phairtí Dhaonláthaigh agus an Chomhaontais Ghlais, Mary Harney agus John Gormley, le fios go raibh sé in am don taoiseach ráiteas a thabhairt ag soiléiriú cad as a tháinig an ’sterling’ a loisteáil a runaí, Gráinne Carruth, i gcúntas bainc Bhertie trath go raibh sé ina Aire Airgeadais sna 90aí.

 

Cé nach gcreideann duine ar bith gur polaiteoir é Bertie a bhí lofa ar an mbealach a bhí polaiteoirí eile, is léir go bhfuil na ceisteanna anois faoina iompar dosheachanta.  Ní chreideann éinne an Taoiseach agus a chuid míniúcháin cásta is do thuigthe.   Agus níl sin maith go leor.

 

Ní chreidim féin gur cheart staicín aiféise a dhéanamh de ach an oiread - nó is cinnte go bhfuil go leor déanta aige ar son a thír.  Agus nílim cinnte go bhfuil duine ar bith i bhFianna Fáil a bheadh níos fearr ná é sa phost seo.   Cinnte ní bheinn sasta le leitheidí Brian Cowen, Brian Lenihan, Mary Hanafin sa phost. 

 Tá a fhios agam nach bhfuil seans dá laghad aige ach bheinn ar son Noel Dempsey.    Tá sé díreach agus tá sé samhalaíoch - tugann sé aghaidh ar fhadhbanna agus reitíonn sé iad - ach ní bhionn a reiteach i gcónaí sasúil (votáil leictreonach mar shampla). 

Ar ndóigh táim claonta faoi seo - mhúin m’úncail Peadar Noel Dempsey trath agus mar sin bheadh iontaoibh agam as!

 

27 03, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 1 Comment

Cathal Ó Searcaigh faoi agallamh inniu

Cuirfear Cathal Ó Searcaigh faoi agallamh inniu ar Bharrscéalta, seo irise Thír Chonaill RTÉ Raidio na Gaeltachta.    Sa deireadh thiar beidh seans cothrom ag an bhfile freagra a thabhairt ar na ceisteanna tromchúiseacha atá tagtha chun tosaigh faoina iompar i gCathmandhú. 

26 03, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Seomraí lán, geallúintí folamh


An tseachtain seo beidh na múinteoirí ag casadh le chéile le h-aghaidh a gcomhdhálacha bliantúla.   I gCill Chainnigh beidh Cumann Búnmhúinteoirí Éireann ag reachtáil ardfheis an eagrais. 

An chéad mhír ar an gclár oibre cois an Fheoir, an geallúint a rinne an Rialtas trath olltoghcháin na bliana seo cháite ag tabhairt le fios go laghdófaí an coibhneas daltaí;muinteoir ó 27 go 26.Tá an geallúint sin briste mar gheall ar, de reir suíomh idirlíne na Roinne Oideachais, an lagtrá eacnamaíochta.    

Go fóill beag, áfach, beidh an Aire Oideachais ag fáil ardú pá suntasach níos déanaí i mbliana, maraon lena comhleacaithe rialtais.An é nach mbaineann an lagtrá eacnamaíochta leo?  An é ná raibh siad ag maíomh gurb iad ba chúis leis an mborradh sa Gheilleagar?   

Anois, is cosúil, níl aon láimh acu sa droch chasadh is déanaí.Ní h-é seo an chéad geallúint atá briste ag an Roinn Oideachais - is cuimhin linn go léir an geallúint a deineadh anuraidh, roimh an Olltoghchán, go mbeadh €1m á thabhairt le h-aghaidh athlonnú An Chomhairle Oideachais Gaeltachta is Gaelscolaíochta.    

 

Níl aon rian den €1m seo. Níl COGG fiú luaite i meastúcháin na Roinne Oideachais a fhoilsíodh i dtús mí na Nollag. Níl an duile fige fagtha ag an Rialtas seo chun a náiriú maidir lena bpolasaithe agus a míchumas a cheilt.   

 Ní leor nach nglacfadh siad lena n-arduithe pá, ba cheart go mbeadh orthu ísliú pá a ghlacadh, ná beadh pingin níos mó á fháíl acu ná an ghnath mhúinteoir nó an ghnath altra….   

24 03, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Ní céasta go cuairt na Banríona

mc-download-queen-large.jpg 

Dar leis na h-aondachtaithe, tá Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa tar éis a dá cos a chur sa chlabar arís.  Nó dar leo tá másla tugtha aici don Bhanríon - is í sin Banríon Shasana, Eilís Bhindsor - leis an méid a dúirt sí faoin fheidireacht go dtabharfadh a Soilse cuairt ar na 26 countae.  Ar ndóigh tá fáílte roimh turasóir ar bith teacht go hÉireann - cé go dtugaim faoi ndeara go raibh sí ar chuairt go Béal Feirste is Ard Mhacha le gairid agus nach bhfuil turasóireacht á chur chun cinn ar bhonn uile Eireann faoi láthair. Ag an am chéanna, mothaim go bhfuil sciar dá lucht leanúna dílis i mBaile Átha Cliath nár mhiste leo casadh le hEilís agus nior mhaith liom an cruinniú sin a shéanadh orthu.  Agus sinn ag tabhairt chun cuimhne an méid ar tharla ar Aoine an Chéasta deich mblian ó shin (beagnach), ní mór dúinn smaoineamh ar an meid nár chuir Rialtas Eilís i gcrioch ón gComhaontú stairiúil a thárla ar an lá sin.   Na geallúintí maidir leis an nGaeilge mar shampla.Ghlac sé seacht mblian ón am ar shíniodh an Chomhaontú go raibh Ciste Craoltóíreachta - fiú ná raibh ann ach an leath bhulóg féin - ann.  Ghlac sé sé mhí ar Edwin Poots fáíl reidh leis - agus sin le SF i Rialtas leis.  Má tá Eilís le teacht go BÁC, ba cheart an deis a thapú chun a chur in iul di go bhfuil a Rialtas ag loic ar na dualgaisí is na coimitmintí ar deineadh ar 10 Aibreán 1998 agus ó shin.  Má thugann sí cluas do na h-aighneachtaí sin agus beartú dá reir, b’fheidir go bhfaighidh sí cuireadh le h-aghaidh cuairteanna eile amach anseo.Maidir leis an Uachtarán agus an fearg atá ar na hAondachtaite - ná bí buartha. Léiríonn an freagra atá tugtha acu go bhfuil tú ag déanamh rud eigean i gceart.  

21 03, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Oráid Obama

Is fiú go mór cluas a thabhairt don oráid a thug Barack Obama faoi chúrsaí chiníochais i SAM.Tuilleadh ar ball….  

19 03, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Nós* nua níos fearr ná an sean nós

Má tá sibh ag léamh seo, téigí caol díreach chuig Nós* , iris nua Ghaeilge atá foilsithe an tseachtain seo den chéad uair.   Maith sibh lucht Nós* agus beidh mé ag coinneáil súil ach go h-áirithe ar eachtraí an chailín sa chathair….. 

 picture-8.png

 

Seo an cineál abhair leitheoireachta atá de dhíth ar an nGaeilge ó bhí aimsir Mherriman ann, caint comhaimseartha is téigeartha ar an ngnéas.  Maith thú a chailín sa chathair….. 

19 03, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 2 Comments

Tá’n spéir ag titim

wall-street.jpg 

De reir gach tuairisc, tá’n spéir ag titim.  Ní ag caint ar an dtéamh domhanda atáim ach ar an tóín bheith tite as an margadh domhanda.   Ar ndóigh is í an saint is cúis le seo, trádálaithe is bainc ag iarraidh cur leis an mbrabhús a bhí á ndéanamh acu tre iasachtaí ró dhaora a thabhairt do dhaoine bochta ná raibh i ndán, nach mbeadh riamh i ndán, iad a ais-ioc.    Chaill cara mór de chuid Dermot Desmon €1bn - an bhfuil trua agam do?  Níl ná baol air.  Is cinnte nach mbeidh sé ag lorg deirce ar na sraideanna - iocfaidh tusa is mise a chuid fiacha, bealach amháin nó eile, luath nó mall. Le linn na seachtaine dúirt an Taoiseach go mbeadh torthaí tromchúiseacha ag an méid a bhí ag titim amach ar an margadh idirnáisiúnta anseo in Éirinn.  Nuair a fhograíodh an buiséad, i mí na Nollag, dúradh go mbeadh sé bunaithe ar ráta fáis, idir 2-3%. Anois is é an chaint atá ann go mbeidh laghdú ar an ngeilleagar - nó fás diúltach mar a deir na h-eacnamaithe.Cad a chiallaíonn sé seo?  An gciallóidh sé, mar shampla, nach bhfaighidh na hAirí Rialtais an ardú pá a bhronn siad orthu féin anuraidh ach, nach maith iad, ar chuir siad ar an méar fhada go dtí an mbliain seo? An gciallóidh sé go mbeidh ardú nó laghdú ar airgead na Gaeilge is na Gaeltachta? Freagraí ar chartaí poist chuig Cuivó ag Dún Hamburger….

16 03, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 4 Comments

Comhghairdeas Cymru

Is mór idir inné….

Togáil croí é an bua íontach a fuair Cymru ar na Franncaigh i Staid na Mílaoise inniu - agus, ar ndóigh, thit an lug ar an lag ar fhoireann na hÉireann i Twickenham.   Nuair a chaill na Breatnaigh in éadan Fidsí sa Chorn Domhanda, beag an duine a thuar go mbeadh Craobh na Sé Náisiún á bhaint acu, agus an scuab á thabhairt acu do gach ceile comhraic sa chomórtas seo. An difir idir Ireland agus Cymru gur fhoghlaim muintir Cymru na ceachtanna ón gcomórtas sin - agus nior fhoghlaim Eddie O’Sullivan é.  Is é an ceacht go gcaitheann gach cluiche a imirt amhail is gurb é do chluiche dheireannach é agus gan a bheith ag imirt na ‘percentages’.  Is fiú a rá, áfach, go dtugann foireann na Breataine Bige aitheantas don Bhreatnais ar a léinte, rud nach ndeineann foireann an IRFU.  Agus bionn craoltóíreacht beo ar fáil den gcluiche i mBreatnais - cá gcloisfeá trachtaireacht beo ar an dteilifís i nGaeilge de chluichí rugair na hÉireann?    

…agus inniu 

15 03, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments